
Seachtain na Gaeilge
D'éirigh go hiontach le Seachtain na Gaeilge arís i mbliana. Bhí go leor imeachtaí ar siúl, ina measc bhí Céilí ag an gCéad Bhliain ar an gCéadaoin. Bhí na cailíní (agus roinnt muinteoirí) go breá lúfar ag damhsa.
Ar an Déardaoin bhí Tráth na gCeist Boird ar siúl ag an gCúigiú Bliain. Is iad an Idirbhliain le cabhair na múinteoirí a d'eagraigh gach rud. Bhí duaiseanna deasa ann don cheithre bhord ab fhearr.
Rinne an Dara Bliain Slabhra Laimhe agus chan siad an t-amhrán "Is Leatsa Í" ar an Aoine in éineacht leis na mílte daoine óga eile ar fud na tíre. Bhain gach éinne taitneamh agus tairbhe as Seachtain na Gaeilge.
Roinn na Gaeilge